An Ghaeilge sna Cúirteanna

Ceart an duine Gaeilge a úsáid

Is féidir leas a bhaint as ceachtar den dá theanga oifigiúla in aon chúirt, in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eisítear ó aon chúirt.  Tá dualgas ar an gcúirt a chinntiú go bhféadfadh aon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi. 

Má tá an Stát nó comhlacht poiblí mar pháirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte, bainfidh an Stát nó an comhlacht poiblí úsáid as an teanga oifigiúil, Gaeilge nó Béarla, atá roghnaithe ag an bpáirtí eile.  Má tá níos mó ná páirtí amháin eile i gceist, beidh cinneadh le déanamh ag an Stát nó ag an gcomhlacht poiblí faoi cibé teanga oifigiúil a bheadh réasúnach a úsáid sa chás.

Is féidir an bhileog eolais An Ghaeilge sa Chúirt a íoslódáil anseo.

Is féidir an póstaer An Ghaeilge sa Chúirt a íoslódáil anseo.

Más mian leat cóipeanna den bhileog eolais agus/nó den phóstaer a fháil, téigh i dteagmháil linn ag eolas@coimisineir.ie.

Ghriangraf ag kieranlynam [CC-BY]