Baineann an Coimisinéir Teanga úsáid as fianáin le go mbeidh an t-eispéireas is fearr is féidir agat ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa Pholasaí Príobháideachais seo. Cliceáil anseo má theastaíonn uait an teachtaireacht seo a bhaint.

Faoin Acht

Bhíodh cumas sa Ghaeilge riachtanach chun post a fháil sa tseirbhís phoiblí ach cuireadh deireadh leis an riachtanas sin sa bhliain 1974. Shocraigh rialtas an lae go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar chomhchéim as sin amach i gcomórtais iontrála na státseirbhíse, is é sin go mbeadh ar chumas iarrthóirí an Ghaeilge nó an Béarla, nó an dá theanga sin, a thairiscint i gcomórtais agus go dtabharfaí creidiúint d’iarrthóirí a bheadh oilte sa dá theanga.

Sna blianta a lean an socrú sin, laghdaigh cumas na státseirbhíse soláthar fónta a dhéanamh dóibh siúd ar mhian leo gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Chuir gluaiseacht na Gaeilge, go háirithe Conradh na Gaeilge, tús le feachtas ag lorg Bille Cearta Teanga nó Acht Teanga i ndeireadh na seachtóidí agus mhair díospóireacht faoin gceist ar feadh breis agus scór bliain.

D’fhoilsigh an rialtas treoirlínte a d’ullmhaigh Bord na Gaeilge sa bhliain 1993 maidir leis na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfeadh an tseirbhís phoiblí ar fáil. Ní raibh bonn reachtúil leis na treoirlínte sin ná aon chóras foirfe monatóireachta le cinntiú go gcuirfí i bhfeidhm iad. Dá bhrí sin, ba bheag den chóras stáit a d’fheidhmigh de réir na dtreoirlínte sin.

Sa bhliain 2002 d’fhoilsigh an rialtas an chéad dréacht de bhille a raibh sé mar chuspóir aige soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ar chaighdeán níos airde sa tseirbhís phoiblí. Rinneadh plé, forbairt agus leasuithe éagsúla ar an mbille sin go dtí gur glacadh leis sa Dáil agus sa Seanad d’aon ghuth i samhradh na bliana 2003.

Ar an 14 Iúil 2003 shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí agus tugadh forálacha an Achta i bhfeidhm de réir a chéile thar thréimhse trí bliana. Ba é seo an chéad uair a cuireadh bunús reachtúil le soláthar sheirbhísí an chórais stáit go ginearálta trí mheán na Gaeilge.

Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama. Tá sé i gceist ag an reachtaíocht áit agus spás a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre.

Tá Oifig an Choimisinéara Teanga bunaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar oifig reachtúil neamhspleách a fheidhmíonn mar sheirbhís ombudsman agus mar áisíneacht ghéilliúlachta.

Sa Rannóg Seo