Baineann an Coimisinéir Teanga úsáid as fianáin le go mbeidh an t-eispéireas is fearr is féidir agat ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa Pholasaí Príobháideachais seo. Cliceáil anseo má theastaíonn uait an teachtaireacht seo a bhaint.

Faoin Teanga

Baineann an Ghaeilge leis an mbrainse Gaelach de na teangacha Ceilteacha, chomh maith le Gaeilge na hAlban agus Manainnis. Faoin 5ú haois AD, ba í an Ghaeilge a bhí i réim mar theanga pobail sa tír. Faoin 16ú agus 17ú haois, áfach, thit an tsochaí Ghaelach as a chéile de réir mar a threisigh réimeas na Sasanach in Éirinn. Faoi dheireadh an 18ú haois, pobal aonteangach Gaeilge a bhí i leath de dhaonra na tíre, ar bhochtáin iad a bhformhór. Rinne an Gorta Mór ó 1845 - 1850 agus an eisimirce ina dhiaidh léirscrios ar an bpobal seo. Faoi dheireadh an 19ú haois, ní raibh ach 1% den phobal ar chainteoirí aonteangacha Gaeilge iad.

Athbheochan

Bhí ról lárnach ag Conradh na Gaeilge, a bunaíodh in 1893, i bpolasaithe i bhfabhar na Gaeilge a fhorbairt agus ghlac rialtas na hÉireann le go leor acu tar éis bhunú an tSaorstáit i 1922. Tugadh "teanga náisiúnta" ar an nGaeilge sa Bhunreacht, rinneadh ábhar éigeantach scolaíochta di agus ba ghá inniúlacht inti chun post a fháil sa tseirbhís phoiblí. I 1937, leasaíodh an Bunreacht agus rinneadh "príomhtheanga oifigiúil" den Ghaeilge toisc gurbh í "an teanga náisiúnta" í. Aithníodh an Béarla mar "theanga oifigiúil eile".

Gaeltacht

Sna 1920í, shocraigh an rialtas chomh maith ar léarscáiliú a dhéanamh ar an nGaeltacht, na ceantair sin ina raibh an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga pobail. Laghdaíodh an Ghaeltacht go suntasach i 1956 tar éis athbhreithniú ar theorainneacha na nGaeltachtaí. Ag an am céanna, bunaíodh roinn rialtais faoi leith le cúram na Gaeltachta uirthi. I 1957, bunaíodh an chéad bhord stáit um fhorbairt thionsclaíoch sa Ghaeltacht, Gaeltarra Éireann. Ba é an rialtas a cheap bord Ghaeltarra. De thoradh ar ghluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta agus teacht chun cinn na gcomharchumann Gaeltachta sna 1960í agus 1970í, tosaíodh ag áiteamh ar son eagrais fhorbartha Ghaeltachta níos daonlathaí. Mar thoradh air sin, bunaíodh Údarás na Gaeltachta i 1980 agus roghnaíonn pobal na Gaeltachta formhór de bhaill a bhoird go díreach i dtoghcháin Ghaeltachta.

Staid Reatha

Faoi láthair, tá ceantair Ghaeltachta i seacht gcontae (Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí). I dteannta na forbartha eacnamaíche tharla laghdú, áfach, i gcéatadán na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht. I dtuairisc ó choimisiún rialtais in 2002, dúradh nach raibh ach 18 de na 154 toghroinn ceantair sa Ghaeltacht a raibh níos mó ná 75% den phobal iontu ag labhairt Gaeilge go laethúil.

Suirbhéanna

Lasmuigh den Ghaeltacht, labhraítear an Ghaeilge mar theanga mhionlaigh ar fud na hÉireann. Dar le Daonáireamh 2011, is cainteoirí Gaeilge iad 1.77 milliún duine (41% den daonra) os cionn trí bliana d’aois (meadú 7.1% ar an bhfigiúr i 2006) . Dúirt 77,185 duine go labhraíonn siad Gaeilge gach lá laismuigh den chóras oideachais (meadú 5,057 ar an bhfigiúr i 2006).
Léiríonn suirbhéanna go bhfuil tacaíocht láidir ag an nGaeilge mar shiombail féiniúlachta agus go dtacaíonn formhór an phobail le múineadh cumasach na Gaeilge ar scoil agus le polasaithe ar son na Gaeltachta. Tá sé seo soiléir ón suirbhé a eisíodh i 2009, An Ghaeilge agus Muintir na hÉireann (achoimre ).   Is údar suntais í, áfach, an bhearna mhór idir líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge acu agus an líon a úsáideann í go laethúil. I nDaonáireamh 2001 i dTuaisceart Éireann, mhaígh 10.35% den phobal go raibh "eolas éigin ar an nGaeilge" acu.

Tá fás leanúnach na ngaelscoileanna ar cheann de ghnéithe suntasacha athbheochan na Gaeilge le blianta beaga anuas. I bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann araon in 2006, bhí beagnach 200 gaelscoil, idir bhunleibhéal agus iar-bhunleibhéal, ann lasmuigh den Ghaeltacht i gcomparáid le 16 gaelscoil i 1972.

Cumarsáid

Tá forbairtí suntasacha tarlaithe maidir le meáin chumarsáide na Gaeilge le blianta beaga anuas chomh maith. Ó 1996 i leith, tá stáisiún teilifíse Gaeilge, TG4 (Teilifís na Gaeilge mar a tugadh air i dtús ama) ar an aer. Craolann RTÉ Raidió na Gaeltachta, seirbhís atá lonnaithe sa Ghaeltacht, 24 uaire in aghaidh an lae. Bunaíodh comhlacht tras-teorann ar son na Gaeilge, Foras na Gaeilge, faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 agus tá cuid mhaith eagras deonach Gaeilge ag saothrú leo freisin.

In 2003, ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla, a thugann brí don chosaint bhunreachtúil atá ag an nGaeilge mar an phríomhtheanga oifigiúil. Mar thoradh ar an Acht sin, bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. Sa bhliain 2006 eisíodh “Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006” inar dhearbhaigh an Rialtas a thacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta. In 2007, tugadh aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach.

Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030

D’aontaigh an Rialtas Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an 30 Samhain 2010 agus sheol an Taoiseach an Straitéis sin ar an 21 Nollaig 2010. Tá sé mar aidhm ag an straitéis líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge ar bhonn laethúil taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú go 250,000 duine as seo go ceann 20 bliain.  Is féidir an Straitéis a íoslódáil ó shuíomh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta www.ahg.gov.ie.  

Tá cóipeanna ansin freisin den anailís a rinne na comhairleoirí don Straitéis 20 Bliain faoi stiúir Fiontar DCU maraon leis an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, taighde a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá na moltaí a rinne an Coimisinéir Teanga don ghrúpa comhairleach maidir leis an Straitéis 20 Bliain le fáil anseo.

Sa Rannóg Seo