Comhlachtaí Poiblí faoi scáth an Achta
Is féidir liosta de na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth na nAchtanna faoi láthair a íoslódáil anseo.
Tá uasdátú déanta ar liosta na gComhlachtaí Poiblí thíos i gcomhréir le I.R. 230 de 2020, a tháinig i bhfeidhm ar an 25 Meitheamh 2020.
Ceadaítear don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i gcomhar le hAirí cuí eile, an liosta de chomhlachtaí poiblí a leasú, le rialacháin, trí thagairt d’aon chomhlacht poiblí a chur isteach nó a scriosadh.
Is féidir na comhlachtaí, eagraíochtaí nó grúpaí seo a leanas a bheith áirithe mar chomhlachtaí poiblí faoin Acht ach forordú cuí a bheith déanta ag an Aire ina leith:
- Comhlacht, eagraíocht nó grúpa a fhaigheann 50% nó níos mó dá chaiteachas reatha díreach ó Aire Rialtais, ó Roinn Stáit, ón bPríomh-Chiste nó ó chomhlacht poiblí atá faoin Acht.
- Comhlacht, eagraíocht nó grúpa a bhí ina chomhlacht poiblí nuair a tháinig an tAcht i bhfeidhm ach a tháinig faoi úinéireacht phríobháideach nó rialú príobháideach ina dhiaidh sin.
- Comhlacht, eagraíocht nó grúpa atá ag comhlíonadh feidhmeanna a bhí dílsithe roimhe sin do chomhlacht, eagraíocht nó grúpa faoi úinéireacht phoiblí nó rialú poiblí.
- Comhlacht, eagraíocht nó grúpa eile a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, tugtha nó ceadaithe dó le haon achtachán nó le haon cheadúnas nó údarás tugtha faoi aon achtachán.