Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga

Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga

Is ball de chuid Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga é An Coimisinéir Teanga, a bunaíodh sa bhliain 2013. Cuidíonn an Cumann le coimisinéirí teanga ar fud an domhain tríd an gcleachtas is fearr agus caighdeáin den scoth a chur chun cinn agus tríd an gcomhionannas agus an éagsúlacht i gcúrsaí teanga a chur chun tosaigh. Tá breis eolais faoin gCumann ar fáil ar a shuíomh gréasáin: www.languagecommissioners.org

Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga

D'eagraigh an Oifig Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga i nGaillimh, ag áireamh CGB Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga, i Márta na bliana 2016, i gcomhpháirtíocht le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ba í seo an dara chomhdháil dá mhacasamhail a d'eagraigh an Oifig.

Tá fáil thíos ar chuir i láthair a tugadh ag an gComhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath, Déardaoin an 23 agus Dé hAoine an 24 Bealtaine 2013.  Tá na cainteanna ar fáil sna teangacha inar tugadh iad.

Tá grianghraif ón ócáid le fáil ar shuíomh an ghrianghrafadóra ag www.seanomainnin.com

Grianghraif de na Coimisinéirí Teanga agus cainteoirí eile (grianghrafadóir Colm Ó Torna).

Tá fáil anseo ar an gclár don Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga.  Tá nótaí eolais faoi na gcainteoirí go léir mar chuid den chlár.

Oifig an Choimisinéara Teanga; Fiontar DCU; agus Uned Ymchwil Iaith, Polisi a Chynllunio, Ollscoil Caerdydd, An Bhreatain Bheag a d’eagraigh an ócáid.

Tá eolas breise ar fáil ar anghaeltacht.net/CICT