Beartas maidir le Fianáin

Arna fhoilsiú: Feabhra 2018

Cad is fianán ann?

Is píosa beag sonraí atá i gceist le fianán a stóráiltear ar do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach ar feadh tréimhse réamhshocraithe ama, rud a thugann deis do láithreán gréasáin ar leith cuimhneamh ar na roghanna a rinne tú ar an láithreán gréasáin sin. Déantar iad a úsáid go coitianta freisin chun an láithreán gréasáin agus an cuairteoir a chosaint ar imeachtaí gan choinne, idir thimpistí agus imeachtaí a tharlaíonn d’aon ghnó araon.

Tá dhá chatagóir de na fianáin ann i gcoitinne:

Úsáidtear fianáin neamhbhuana de ghnáth ar chúiseanna slándála agus chun acmhainní freastalaí a athdháileadh ach a bhfágann cuairteoir an láithreán gréasáin. Téann siad in éag roinnt uaireanta an chloig tar éis don chuairteoir an t-ionchur deiridh a dhéanamh nó tar éis don iarratas deiridh leathanaigh a bheith déanta ag an gcuairteoir, agus/nó tar éis do bhrabhsálaí gréasáin an chuairteora a bheith dúnta go hiomlán.

De ghnáth, socraítear fianáin sheasmhacha ionas go mairfidh siad i bhfad níos faide ná fianáin neamhbhuana; úsáidtear iad chun go gcuimhneofar ar shainroghanna an chuairteora don chéad chuairt eile aige/aici ar an láithreán gréasáin, agus chun cuairteanna ar leathanach a rianú chun críocha anailísíochta agus chun an láithreán gréasáin a fheabhsú do chuairteoirí sa todhchaí.
 
Is féidir tuilleadh eolais ar fhianáin a fháil ag http://ec.europa.eu/ipg/basics/legal/cookies/index_en.htm

Conas a úsáidtear fianáin ar an láithreán gréasáin seo?

Úsáidtear trí chineál éagsúla fianán ar an suíomh gréasáin seo:

Úsáidtear fianáin neamhbhuana freastalaí ar mhaithe leis an tslándáil mar aon le leithdháileadh éifeachtach acmhainní an láithreáin gréasáin, feabhas a chur ar agaí freagartha agus ar agaí lódála an láithreáin gréasáin.

Úsáidtear fianáin anailísíochta chun cuairteanna ar leathanaigh ar leith a rianú agus le feabhas a chur go díreach agus go hindíreach ar eispéireas chuairteoirí an láithreáin gréasáin sa todhchaí.

Baintear úsáid as fianáin chabhracha chun éascaíocht a dhéanamh d’idirghníomhaíochtaí coitianta de chuid na gcuairteoirí, mar shampla cuimhneamh ar rogha roimhe sin ionas nach gá an rogha a dhéanamh arís, inneachar ó leathanach gréasáin agus naisc ar na meáin shóisialta a roinnt, nó leabharmharc a chur ar leathanach gréasáin mar thagairt lena úsáid sa todhchaí.

Na fianáin uile a úsáidtear ar an láithreán gréasáin seo

Ainm Cineál Catagóir Dáta Éaga Cur síos
_ga Seasmhach Anailísíocht 2 bhliain Úsáidtear an fianán seo chun gach úsáideoir faoi leith a shainaithint – tugtar uimhir a ghintear go randamach dóibh mar aitheantóir cliaint. Bíonn sé san áireamh i ngach iarratas leathanaigh ar an láithreán gréasáin agus baintear úsáid as chun sonraí cuairteoirí, sonraí seisiúin agus sonraí feachtais a ríomh i gcomhair thuarascálacha anailísíochta an láithreáin.
_gat Seasmhach Anailísíocht 1 nóiméad amháin Tá an fianán seo bainteach le Google Universal Analytics; de réir an doiciméadaithe atá ar fáil, úsáidtear é chun an ráta iarratas a scóigeadh.
_gid Seasmhach Anailísíocht 1 lá amháin Tá an fianán seo bainteach le Google Universal Analytics. Úsáidtear é chun luach uathúil a stóráil agus a nuashonrú le haghaidh gach aon leathanach a dtugtar cuairt air, chun feabhas a chur ar ghiniúint tuarascálacha Anailísíochta.
BIGipServerXxxxx Seisiún Freastalaí Deireadh sheisiún an chuairteora Tá an t-ainm fianáin seo bainteach leis an tsraith táirgí BIG-IP ó ghnólacht F5. Baineann sé de ghnáth le seisiúin a bhainistiú ar fhreastalaithe atá cothromaithe ó thaobh lóid de, chun deimhin a dhéanamh de go ndéantar iarratais ó úsáideoirí a ródú go comhsheasmhach go dtí an freastalaí ceart.
PHPSESSID Seisiún Freastalaí Deireadh sheisiún an chuairteora Tá an fianán seo ceangailte le leithdháileadh acmhainní freastalaí agus le slándáil an tseisiúin.
TS01a0c22a Seisiún Freastalaí Deireadh sheisiún an chuairteora Tá an fianán seo ceangailte le leithdháileadh acmhainní freastalaí agus le slándáil an tseisiúin.
__atuvc Seasmhach Cabhrach ( Thart  ar) 1  bhliain  amháin Tá  an fianán   seo   bainteach  le AddThis – giuirléid um meáin shóisialta a  roinnt ; déantar  an ghiuirléid   seo  a leabú go  coitianta   i  láithreáin ghréasáin  chun  go bhféadfaidh cuairteoirí ábhar a  roinnt  le hardáin éagsúla líonraithe  agus   roinnte . Stóráiltear ann áireamh  cothrom  le dáta ar líon  na   leathanach  atá á  roinnt .
__atuvs Seasmhach Cabhrach 1 uair an chloig Tá an fianán seo bainteach le AddThis – giuirléid um meáin shóisialta a roinnt; déantar an ghiuirléid seo a leabú go coitianta i láithreáin ghréasáin chun go bhféadfaidh cuairteoirí ábhar a roinnt le hardáin éagsúla líonraithe agus roinnte.
 
trackshare Seasmhach Cabhrach 1 bhliain amháin Úsáidtear an fianán seo chun sainroghanna na gcuairteoirí a shábháil maidir leis an úsáid a bhaintear as anailísíocht agus as fianáin meán sóisialta ar an suíomh gréasáin seo.
 

Fianáin a Bhainistiú

Taobh istigh de do bhrabhsálaí gréasáin, is féidir leat roghnú a dhéanamh i dtaobh cibé acu is mian leat glacadh le fianáin nó gan glacadh leo. Cuireann brabhsálaithe éagsúla rialuithe éagsúla ar fáil duit agus léiríonn na naisc thíos na brabhsálaithe is coitianta agus na treoracha faoi leith atá i ngach ceann acu maidir le conas é seo a dhéanamh. Go ginearálta, tabharfaidh do bhrabhsálaí an rogha duit glacadh le fianáin, iad a dhiúltú nó a scriosadh i gcónaí, nó é sin a dhéanamh i gcás fianáin ó sholáthraithe atá in úsáid ag úinéirí láithreán gréasáin ("fianáin tríú páirtí"), nó fianáin ó láithreáin ghréasáin ar leith.
 

Tabhair do d’aire

Ní dhéantar aon sonraí pearsanta / íogaire ná aon sonraí airgeadais á stóráil, a aisghabháil nó a chur ar aghaidh chuig tríú páirtithe.

Má leanann úsáideoir den láithreán gréasáin seo a úsáid, tá deimhniú intuigthe á thabhairt aige/aici go nglacann sé/sí agus go n-aontaíonn sé/sí leis an bhfaisnéis seo.