Reachtaíocht

Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasuithe), 2021 líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama. Tá sé i gceist ag an reachtaíocht áit agus spás a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre.

Rinneadh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla in alt 62 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011  Ciallaíonn an leasú gur féidir aon Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin sula ndéanfar é a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.

Rinneadh leasú eile in alt 48 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 ar fhoráil d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 872 de 2004 – an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta), 2004 – fad is a bhaineann sé leis an logainm, ‘An Daingean’. Daingnítear sa leasú sin gurb iad ‘Daingean Uí Chúis’ i nGaeilge agus ‘Dingle’ i mBéarla na hainmneacha oifigiúla anois san áit a raibh ‘An Daingean’ roimhe sin.