Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol [RFC]

Ba chóir iarratas RFC chuig Oifig an Choimisinéara Teanga a dhéanamh chuig:

Oifigeach Faisnéise
Oifig an Choimisinéara Teanga
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
H91 VK23

Agus iarratas á dhéanamh agat ar fhaisnéis faoi na Rialacháin RFC, beidh ort:

De ghnáth, cuirfear an cinneadh ar d'iarratas in iúl duit laistigh de mhí amháin tar éis an t-iarratas a fháil.

Céard is féidir liom a dhéanamh mura bhfuil mé sásta leis an gcinneadh faoi m'iarratas?

Má chreideann tú gur diúltaíodh do d'iarratas ar fhaisnéis comhshaoil, go hiomlán nó i bpáirt, nó murar láimhseáladh i gceart é ar aon dul le Rialacháin RFC, is féidir leat a iarraidh go ndéanfaidh ár n-oifig athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh i bpáirt nó go hiomlán. Ní mór duit an t-athbhreithniú sin a iarraidh laistigh de mhí amháin ón gcinneadh a fháil. Déanfaidh ball foirne níos sinsearaí an t-athbhreithniú.

Ní ghearrfar táille ar an bpróiseas athbhreithnithe inmheánaigh.

Laistigh de mhí amháin ó d'iarratas ar athbhreithniú a fháil, scríobhfaidh muid chugat leis an gcinneadh agus le fáth an chinnidh sin. Tabharfaidh muid comhairle duit freisin faoin gceart atá agat achomharc a dhéanamh chuig Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann lena leithéid d'achomharc san áireamh.

Táillí

Mar a fhoráiltear dó sna Rialacháin RFC, níl aon táille bhunaidh ag teastáil agus iarratas ar fhaisnéis faoi RFC á chur isteach chuig an oifig seo. D'fhéadfaí go ngearrfaidh údarás poiblí táille, áfach, as faisnéis comhshaoil a chur ar fáil de réir na rialachán.

Tá na táillí sin socraithe ag an oifig seo mar a leanas:

Cén uair a chuirfidh Oifig an Choimisinéara Teanga faisnéis ar fáil saor in aisce?

Cabhair agus iarratas á dhéanamh

Tá scéim foilseoireachta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 lena gcuimsítear treoir faoi fheidhmeanna na hoifige seo agus faoi na taifid atá ina seilbh, ar fáil ar shuíomh gréasáin na hOifige.

Má tá aon cheist agat, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach faisnéise ar an bhfón ag

091 504006 nó le ríomhphost chuig eolas@coimisineir.ie

Pointe faisnéise

Is pointe faisnéise é an suíomh gréasáin seo chun críocha na treorach RFC. Má theastaíonn tuilleadh faisnéis comhshaoil uait, is féidir iarratas RFC a sheoladh chun na hOifige nó teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach faisnéise.

Tuilleadh faisnéise

Tá tuilleadh faisnéis ghinearálta ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007-2011, lena n-áirítear faisnéis chúlra maidir leis an reachtaíocht, foilseacháin úsáideacha agus naisc chuig comhlachtaí ábhartha eile ar fáil sa chuid RFC de shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil www.housing.gov.ie/ga/node/8210.