Beartas Twitter Oifig an Choimisinéara Teanga

Is iad na príomh bhealaigh le teagmháil a dhéanamh leis an Oifig ná ar an bhfón 091504006, ar ríomhphost eolas@coimisineir.ie nó tríd an fhoirm gearán ar líne http://bit.ly/1QnxpO9

Is é Bainisteoir Cumarsáide Oifig an Choimisinéara Teanga a dhéanann cuntas X (Twitter mar a bhí) @ceartateanga a bhainistiú. Bainfear úsáid as X (Twitter) chun nuacht agus eolas faoi obair na hOifige a sheachadadh, ina measc an Tuarascáil Bhliantúil, Ráitis ón gCoimisinéir Teanga, seirbhísí atá ar fáil as Gaeilge agus ábhair eile gur spéis leis an phobal.

De ghnáth déanfar an cuntas X (Twitter) a uasdátú i rith uaireanta oibre, Luan go hAoine. Déanfar monatóireacht ar an gcuntas i rith uaireanta oibre, Luan go hAoine de ghnáth chomh maith.

Fáiltítear agus léifear gach teachtaireacht/postáil @. Os rud é gur duine amháin atá ag bainistiú an chuntais, ní bheidh ar ár gcumas freagra a thabhairt ar gach teachtaireacht.

Níl aon dualgas ar @ceartateanga aon cheann dár leantóirí a leanúint.

Má leanaimid cuntas X (Twitter), ní chiallaíonn sé sin go dtacaíonn, nó go n-aontaíonn an Oifig le seasamh an chuntais sin. Má dhéanaimid ath-phostáil ar ábhar ó chuntas X (Twitter) eile, ní chiallaíonn sé sin go dtacaíonn, nó go n-aontaíonn an Oifig leis an ábhar ná an cuntas as ar tháinig sé.

Má sheoltar teachtaireacht díreach chuig an Oifig le X (Twitter), is ionann sin agus teagmháil a dhéanamh leis an Oifig chun críocha oifigiúla. Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh ag baint úsáid as X (Twitter), tá deimhniú de dhíth orainn gur sin atá uait, trí theachtaireacht díreach nó tríd na príomh bhealaigh teagmhála leis an Oifig, ar an bhfón 091504006, ar ríomhphost eolas@coimisineir.ie nó tríd an fhoirm gearán ar líne http://bit.ly/1QnxpO9

Ní nós le hOifig an Choimisinéara Teanga tagairt a dhéanamh d’aon chás ar leith agus leanfaidh sé sin mar ghnáth nós.

Tá an ceart ag Oifig an Choimisinéara Teanga an ráiteas seo a leasú nó a nuashonrú ag am ar bith.