Cearta Bunreachtúla

Tá stádas na Gaeilge leagtha amach i mBunreacht na hÉireann.

Deir Airteagal 8 den Bhunreacht:

Leagtar síos na bunphrionsabail maidir le cearta teanga sa Bhunreacht.

Ceadaíonn an Bunreacht don duine gach gnó – agus gach cuid dá ghnó – a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin.

Ciallaíonn an ceart bunreachtúil go bhfuil, dá réir sin, dualgais ar chomhlachtaí poiblí na tíre géilleadh don cheart sin.

Go praiticiúil, áfach, is minic nach mbíodh aon soláthar éifeachtach déanta chun seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith lena soláthar i mBéarla.

Is minic freisin a bhraith daoine ar mhian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an stát nach raibh an dara rogha acu ach a gcearta bunreachtúla agus a rogha teanga a fhágáil ar leataobh agus dul i muinín an dara teanga oifigiúil leis an ngnó sin a dhéanamh go héifeachtach.

Go dtí gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, ní raibh de rogha ag daoine ach dul i muinín na cúirte chun a gcearta bunreachtúla teanga a bhaint amach.

Mar thoradh ar na cásanna seo, tá cúirteanna éagsúla tar éis ceist stádas na Gaeilge faoin mBunreacht a scagadh in imeacht na mblianta. Is féidir tuilleadh eolais ar chásanna faoi leith a íoslódáil anseo.