Faoin Acht

Bhíodh cumas sa Ghaeilge riachtanach chun post a fháil sa tseirbhís phoiblí ach cuireadh deireadh leis an riachtanas sin sa bhliain 1974. Shocraigh rialtas an lae go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim as sin amach i gcomórtais iontrála na Státseirbhíse, is é sin go mbeadh ar chumas iarrthóirí an Ghaeilge nó an Béarla, nó an dá theanga sin, a thairiscint i gcomórtais agus go dtabharfaí creidiúint d’iarrthóirí a bheadh oilte sa dá theanga.

Sna blianta a lean an socrú sin, laghdaigh cumas na Státseirbhíse soláthar fónta a dhéanamh dóibh siúd ar mhian leo gnó a dhéanamh leis an státchóras trí Ghaeilge.

Chuir gluaiseacht na Gaeilge, go háirithe Conradh na Gaeilge, tús le feachtas ag lorg Bille Cearta Teanga nó Acht Teanga i ndeireadh na seachtóidí agus mhair díospóireacht faoin gceist ar feadh breis agus scór bliain.

D’fhoilsigh an rialtas treoirlínte a d’ullmhaigh Bord na Gaeilge sa bhliain 1993 maidir leis na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfeadh an tseirbhís phoiblí ar fáil. Ní raibh bonn reachtúil leis na treoirlínte sin ná aon chóras foirfe monatóireachta le cinntiú go gcuirfí i bhfeidhm iad. Dá bhrí sin, ba bheag den chóras stáit a d’fheidhmigh de réir na dtreoirlínte sin.

Sa bhliain 2002 d’fhoilsigh an rialtas an chéad dréacht de Bhille a raibh sé mar chuspóir aige soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ar chaighdeán níos airde sa tseirbhís phoiblí. Rinneadh plé, forbairt agus leasuithe éagsúla ar an mBille sin go dtí gur glacadh leis sa Dáil agus sa Seanad d’aon ghuth i samhradh na bliana 2003.

Ar an 14 Iúil 2003 shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ina dhlí agus tugadh forálacha an Achta i bhfeidhm de réir a chéile thar thréimhse trí bliana. Ba é seo an chéad uair a cuireadh bonn reachtúil faoi sholáthar sheirbhísí an chórais stáit go ginearálta trí Ghaeilge.

Ar an 22ú Nollaig 2021, chuir an tUachtarán lámh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasuithe), 2021. Neartaíonn an tAcht leasuithe cearta an phobail agus leagann dualgais láidre agus nua ar chomhlachtaí poiblí maidir leis an tslí go ndéanann siad cumarsáid leis an bpobal. 

Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, le himeacht aimsire. Tá sé i gceist ag an reachtaíocht áit agus spás a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre.

Tá Oifig an Choimisinéara Teanga bunaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar oifig reachtúil neamhspleách a fheidhmíonn mar sheirbhís ombudsman agus mar áisíneacht ghéilliúlachta.

Cheap Uachtarán na hÉireann Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga go foirmiúil ar an 12 Márta 2014 ar chomhairle an Rialtais tar éis do Thithe an Oireachtais rún a rith ag moladh an cheapacháin. Fuair an ceapachán sin, do théarma 6 bliana, tacaíocht ó na páirtithe uile sa Dáil agus sa Seanad.  Ba é Seán Ó Cuirreáin an chéad Choimisinéir Teanga ó thráth bunaithe na hOifige nó gur éirigh sé as an gcúram sin ar an 23 Feabhra 2014. 

Tá sé de chúram ar Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021 á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí an Stáit. Déanann an Oifig gach beart riachtanach chun a chinntiú go gcomhlíonann comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht féin, faoi na Rialacháin faoin Acht agus faoi scéimeanna teanga, sa chás gur ann dóibh.

Fiosraíonn an Oifig gearáin ón bpobal i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Fiosraíonn an Oifig freisin aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á comhlíonadh.

Tugann an Oifig comhairle nó cúnamh, de réir mar is cuí, don phobal maidir lena gcearta teanga agus do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht. Tá sé mar phríomhchuspóir ag an Acht a chinntiú go soláthraíonn an Státseirbhís agus an tSeirbhís Phoiblí seirbhísí Gaeilge ar bhonn níos líonmhaire agus ar chaighdeán níos airde in imeacht tréimhse ama.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar obair Oifig an Choimisinéara Teanga sna tuarascálacha bliantúla atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na hOifige seo. Tá fáil ar ráitis airgeadais na hOifige ar an suíomh sin chomh maith.

Is ar an 14 Iúil 2003 a shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí agus trí bliana ina dhiaidh sin, ar an 14 Iúil 2006, tháinig gach foráil den Acht nach raibh tagtha i bhfeidhm le hOrdú Aire roimhe sin i bhfeidhm go hoifigiúil. Chiallaigh sé sin go raibh bonn reachtúil ón dáta sin ar aghaidh faoi gach foráil de chuid an Achta.

Is ar an 1 Deireadh Fómhair 2008 a shínigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Alt 9) (I.R. Uimh. 391 de 2008). Faoi na Rialacháin sin, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a gcuid stáiseanóireachta, a gcuid comharthaíochta agus a gcuid fógairtí taifeadta béil á soláthar i nGaeilge amháin, nó i nGaeilge agus i mBéarla, de réir critéir ar leith atá daingnithe sna Rialacháin. Ní raibh aon Rialachán déanta faoi dheireadh na bliana 2016 maidir le fógráin ná maidir le fógairtí beo béil.

Rinneadh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla in alt 62 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011. (http://www.oireachtas.ie/documents/bills28/acts/2011/a2311i.pdf) Ciallaíonn an leasú gur féidir aon Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin sula ndéanfar é a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.

Rinneadh leasú eile in alt 48 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 (http://www.oireachtas.ie/documents/bills28/acts/2011/a2011i.pdf) ar fhoráil d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 872 de 2004 – an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta), 2004 – fad is a bhaineann sé leis an logainm, ‘An Daingean’. Daingnítear sa leasú sin gurb iad ‘Daingean Uí Chúis’ i nGaeilge agus ‘Dingle’ i mBéarla na hainmneacha oifigiúla anois san áit a raibh ‘An Daingean’ roimhe sin.

Fógraíodh athbhreithniú foirmiúil ar Acht na dTeangacha Oifigiúla mar ghné amháin de chlár oibre an Rialtais nua a tháinig i gcumhacht in 2011. I mí Iúil 2011, d’fhoilsigh m’Oifig tráchtaireacht mar thuairisc speisialta faoi alt 29 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta. Ar an 31 Eanáir 2012, tháinig deireadh le tréimhse comhairliúcháin phoiblí a d’eagraigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an athbhreithniú.

D’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an tAthbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus príomhfhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla i mí Aibreáin 2014.  Fógraíodh, tar éis an cónascadh a bhí beartaithe idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman a bhreithniú tuilleadh, agus ag tabhairt san áireamh thorthaí an phróisis comhairliúcháin phoiblí a léirigh tacaíocht láidir d’Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar eintiteas iomlán neamhspleách, go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas gan dul ar aghaidh leis an gcónascadh a bhí beartaithe. 

I mí Feabhra 2015, d’fhoilsigh an Comhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht tuarascáil ina raibh 34 moladh déanta i dtaca le Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014. 

Ar an 13 Deireadh Fómhair 2016, chinn an Coiste Rialtais ar na hEalaíona, an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin tús a chur le hathbhreithniú nua ar an mBille beartaithe. 

Cuireadh Ceannteidil Bille leasaithe faoi bhráid an Rialtais ar an 29 Bealtaine 2017. Fuarthas cead ón Rialtas dul ar aghaidh le dréachtú an Bhille. Tá an obair sin idir lámha faoi láthair.