Logainmneacha
Foráiltear le hAlt 32 den Acht gur féidir leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta orduithe logainmneacha a eisiúint ag dearbhú an leagain Ghaeilge de logainmneacha.
I gcás go bhfuil Ordú Logainmneacha i bhfeidhm, tá dualgas ar chomhlacht poiblí faoi na Rialacháin atá déanta faoi Alt 9(1) den Acht an leagan oifigiúil den logainm a shonraítear san Ordú sin a úsáid, tar éis dátaí áirithe, sna cásanna seo a leanas:
- I gceannteidil stáiseanóireachta ar stáiseanóireacht nua a úsáideann an comhlacht poiblí ó 1 Márta 2009.
- I gcomharthaí nua a chuireann an comhlacht poiblí ar aon suíomh ó 1 Márta 2009.
- I bhfógairt thaifeadta bhéil déanta ag an gcomhlacht poiblí nó thar a cheann ó 1 Márta 2013.
Logainmneacha Gaeltachta
Is gá úsáid a bhaint as an leagan Gaeilge den logainm Gaeltachta mar atá sé san Ordú Logainmneacha sna cásanna seo a leanas:
- In aon Acht den Oireachtas nó in aon Ionstraim Reachtúil déanta tar éis theacht i bhfeidhm an Ordaithe Logainmneacha.
- I léarscáileanna ullmhaithe agus foilsithe ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann nó le cead uaithi ar 1 Eanáir 2005 nó dá éis sin, agus a bhfuil a gcuid scálaí de réir aon cheann de na scálaí ó 1:1 go 1:9,999 agus an dá scála sin san áireamh.
- Ar chomhartha bóthair nó sráide arna chur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann.
Tá tuilleadh eolais faoi logainmneacha ar fáil ar www.logainm.ie