Cuspóir go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí agus sa Státseirbhís inniúil i nGaeilge faoin mbliain 2030.
Deimhniú go leagfar síos spriocdháta faoina mbeidh chuile sheirbhís Stáit ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht.
Foráil chun deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga agus córas caighdeán seirbhíse a bhunú.
Foráil chun a chinntiú go bhfreagraítear cumarsáid a dhéantar le comhlacht poiblí ar na meáin shóisialta sa teanga oifigiúil chéanna.
Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí ábhar margaíochta a chuirtear faoi bhráid aicme den phobal a bheith i nGaeilge.
Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% ar a laghad dá bhfógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge.
Foráil lena leagtar dualgas go mbeidh foirmeacha iarratais i nGaeilge.
Foráil le cinntiú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh lógónna comhlachtaí poiblí.
Tiocfaidh na forálacha nua i bhfeidhm in imeacht tréimhse ama.
Tá athbhreithniú á dhéanamh againn ar an suíomh gréasáin d’fhonn na leasuithe ar an reachtaíocht teanga de thoradh an Achta nua a thabhairt san áireamh. Tá súil againn an obair seo a thabhairt chun críche go luath san athbhliain. Idir an dá linn, má tá ceist agat i dtaca le haon ábhar ar leith sa reachtaíocht nua, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar an ríomhphost ag eolas@coimisineir.ie nó ar an bhfón ag 091-504006.
Fianáin
Baineann an Coimisinéir Teanga úsáid as fianáin le go mbeidh an t-eispéireas is fearr is féidir agat ar ár suíomh gréasáin.
Tá de rogha agat gan úsáid a bhaint as fianáin réamhshocraithe áirithe ar an suíomh gréasáin seo:
Tá liosta sa Pholasaí Príobháideachais seo de na fianáin uile a d’fhéadfadh a bheith in úsáid ar an suíomh gréasáin seo.